POTAÍ AS OILEÁN CHLÉIRE

POTS FROM CAPE CLEAR

DÉANTA DE LÁIMH SA GHAELTACHT

Earraí potaireachta déanta don bhaile, déanta de láimh ag ealaíontóir Simon Kidd ina cheardlann ar Oileán Chléire.

Pottery made for the home, made by hand by artist Simon Kidd in his studio on Oileán Chléire.

Cláraigh le bheith ar an eolas is deireanaí

Subscribe to keep updated

Ábhair bailithe agus próiseáilte ar Oileán Chléire, ag cothú dlúthcheangal leis an timpeallacht agus an dúlra atá le fáil ar leac ár ndorais.

/

Gathering and processing materials on Oileán Chléire, nurturing connection to place and the natural world found on our doorstep.

Áitheanna atmaisféaracha / Atmospheric Kilns

Déanaim an chuid is mó de mo ghlónraí a bhácáil in áitheanna gáis, ceann amháin acu áith bharrlódála Rohde agus an ceann eile áith shóide bheag a rinne mé féin.

/

I do most of my glaze firings in gas kilns, one of them is a clean reduction firing Rohde gas kiln, and the other is a little gas-soda kiln that I built myself.

Déanta ar Oileán Chléire / Made on Cape Clear

Tá gach saothar déanta ar oileán beag amach ón gcósta, 3 mhíle ar fad agus 1 mhíle ar leithead. Seo an t-oileán is faide ó dheas in Éirinn agus is ceantar Gaeltachta é.

/

Each piece handmade on a small off shore island, 3 miles long by 1 mile wide. This is the southernmost island off of Ireland and is designated Gaeltacht, an Irish speaking place.

Ábhair áitiúla / Local Materials

Trí ábhair áitiúla a bhailiú agus a phróiseáil, tugtar deis dom féin ceangal a dhéanamh idir an cheird agus an tírdhreach atá thart orainn agus saothair a chruthú a bhfuil éagsúlacht chaolchúiseach iontu nach bhfaightear ach san áit seo.

/

Gathering and processing local materials allows both the work and me to connect to the surrounding landscape, and creates pieces with subtle variation which are unique to the place.