CRÉ NÁDÚRTHA / WILD CLAY

A luaithe atá a fhios agat conas í a lorg amach, feicfidh tú cré nádúrtha in áiteanna éagsúla. Is minic a thagaim uirthi feadh an chósta, i suíomhanna a bhfuil aillte beaga ann le scaireanna dríodair nochta. Sin an áit ar an oileán a dtagaim ar an gcré agus a mbailím í – cré bheag bhuí atá lán de chlocha beaga bídeacha. Tá deasghnátha ag gabháil lena bailiú agus mé ag lorg an spota is fearr ar an gcladach, ag tochailt, ag líonadh, ag iompar buicéid throma sula dtosaíonn an phróiseáil fiú.

Bím ag úsáid na cré seo, agus cinn eile a bhailím fud fad na tíre, mar shliopa ar mo chuid saothar ag teochtaí cruachré. Tá sí lán d’iarann agus d’eisíontais, agus cruthaíonn sí dromchlaí ar a bhfuil go leor imreacha éagsúla den bhurgúnach.

/

Once you know where to look you’ll start to spot wild clay in different places. I tend to find it along coastlines, where there’s small cliffs with the sediment layers exposed. This is where I found and collect it on the island, a short yellow clay full of tiny stones. There is a ritual to the gathering of it, searching along the shoreline for where the best spot is, the digging and filling of heavy buckets before the processing even begins.

This clay, and others that I gather from my travels around Ireland, I tend to use as a slip at stoneware temperatures on my pieces. It’s full of iron and impurities, and tends to create surfaces full of variation in shades of burgundy.

Previous
Previous

FEILEASTRAM DEARG / CROCOSMIA

Next
Next

BÁCÁIL SÓIDE / SODA FIRING